091551961

Sportlann

Rang HIIT

HIIT:  Céard é féin?

Le traenáil eatramhach ard-déine (HIIT), bíonn tréimhsí gearra ina ndéanann tú iarracht 100% ar dhian-chleachtaí agus ansin tréimhsí gearra téarnaimh chun teacht chugat féin, ina ndéantar gníomhaíocht eile uaireanta. Ardaítear ráta an chroí leis an traenáil seo agus coinnítear ard é chun níos mó saille a ídiú i níos lú ama.

 hiit3

Cad is traenáil chardashoithíoch ann?

Le traenáil eatramhach ard-déine bítear ag malartú idir babhtaí d’aclaíocht ard-déine agus ar dhéine íseal.  Mar shampla, is traenáil eatramhach ard-déine é a bheith ag ráibeáil ar feadh 30 soicind agus ag siúl ar feadh 60 soicind. Is féidir HIIT a dhéanamh go hanaeróbach (le meáchan sa giom) agus go haeróbach trí aclaíocht chardashoithíoch

 

 

Tá HIIT go mór sa bhfaisean na laethanta seo. De réir suirbhé a rinne The American College of Sports Medicine, ba é ceann den dá chineál traenála corpacmhainne ba mhó tóir é in 2014 (traenáil le meáchan an choirp an ceann eile).