091551961

Sportlann

Caroline Martin

DSC_0592Is mise Caroline Martin agus táim ag obair sa Spórtlann le 8 mbliana anuas. Bhain mé cáilíocht NCEF leibhéal 1 amach in Ollscoil Luimnigh.  

Thosaigh mé ag cur spéise sa gcorpacmhainn agus mé i mo ghasúr i Sasana. Rinne mé go leor leor spóirt, mar shampla lúthchleasaíocht, cispheil agus haca.

An cDSC_0587eann ab fhearr liom ná caitheamh meáchain agus bhí mé i mo SheaimpínContae Essex.

Crochadh meáchain an rud is fearr liom anois, i mo chuid traenála féin.

 

 

Maidir le cúrsaí oibre de, is Teagascóir Giom
anseo sa Spórtlann mé agus cabhraím le daoine a spriocanna corpacmhainne a bhaint amach trí mheasúnú aclaíochta a dhéanamh orthu agus clár a leagan amach dóibh, bunaithe ar a riachtanais féin. Tugaim ranganna aclaíochta do ghrúpaí freisin, ina measc Aeróbaic, Céim-Aeróbaic, Traenáil Chiorcad, Tromán Cluasach, Club Aclaíochta, Tae Bo, Dornaclaíocht, Couch to 5K agus Bits & Pieces. Athraíonn an t-am chlár ranganna go minic, mar sin coinnigh súil ar an láithreán gréasáin nó ar an leathnach Facebook chun sceideal cothrom le dáta a fháil. Tá mé súil go mór tú a fheiceáil sa Sportlann, sa giom nó ag rang nó dhó.