091551961

Sportlann

Fionn Ó Céide

Fionn Ó Céide – Teasgascóir Aclaíochta

Is mise Fionn Ó Céide. Rugadh mé i mí Bealtaine 1993.

Bhí an-suim agam san aclaíocht ó bhí mé 16.  Rinne mé seal taithí oibre le Myles nuair a bhí mé an-óg , sin é an uair a chuir mé spéis i ndáiríre san aclaíocht agus ón lá sin amach bhí me ag iarraidh a bheith i mo thraenálaí.

Thosaigh mé ag traenáil beagnach chuile oíche san Spórtlann agus thaitin se thar cionn liom.

Tar eis an scoil a fhágáil, bhog me go Port Láirge chun tabhairt faoi Staidéir Aclaíochta agus Sláinte in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Bhain mé mo chéim amach tar éis 4 bliana a chaitheamh ag staidéar go crua. Ansin, thosaigh me ag obair sa Kingfisher in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, DSC_0577áit a fuair mé go leor oideachais agus taithí. Bhí me ag obair ansin ar feadh píosa maith agus thaitin se liom.

Ansin, thosaigh me ag obair sa Spórtlann. Áit í seo a thaitin go mór liom i gcónaí mar ceapaim go bhfuil an áit iontach le haghaidh an cheantair ar fad. Déanaim rudaí éagsúla sa Spórtlann. Uimhir a 1, leagaim amach plean aclaíochta agus beatha do chuile dhuine a bhíonn ag iarraidh cúnaimh i ndiaidh dóibh ballraíocht a bhaint amach. Agus freisin, déanaim ranganna HIIT DSC_0573(Traenáil Eatramhach Ard-Déine) dhá uair san tseachtain. Oíche Dé Máirt ag a 9 a chlog, agus maidin Dé Sathairn ag 10:30. Ní mhaireann an rang seo ach 30-40 nóiméad ach tá sé thar a bheith éifeachtach. Ní úsáidtear trealamh ar bith, ach bíonn traenáil den scoth againn. Déanann an rang seo an-leas do dhuine, mholainn do gach duine an rang seo a dhéanamh ar a laghad uair amháin sa tseachtain le maitheas a dhéanamh  do chuid aclaíochta, do shláinte, do mhatáin, agus go mór , d’intinn.

 

Tá me ag súil go mór le bualadh libh uilig agus má bhíonn aon chomhairle ag teastáil uaibh sa Giom, táim anseo chun cúnamh a thabhairt.